Seachtain na Gaeilge
Bhí Seachtain na Gaeilge den scoth againn an tseachtain seo caite. Ghlac na buachaillí páirt i réimse leathan imeachtaí ar nós cic fada, comórtas ealaíne agus tráth na gceist chun beagán a lua.
Comhghairdeas leis na buachaillí a bhuaigh comórtas na seamróige. Bhí an-chraic ag an séú bliain sa chomórtas cic fada, bhuaigh Páidí Dignam ó rang Mr. Joyce, maith thú!
Tá comhghairdeas tuillte ag gach duine a ghlac páirt. Tá níos mó eolais faoin nGaeilge ar scoil le feiceáil ar ár gcuntas Instagram @gaelbhratach_naascbs

